Laethanta Fuinnimh 2015: Dul chun cinn a dhéanamh maidir le fuinneamh slán, glan agus éifeachtúil a chur ar fáil

Cabhraíonn Laethanta Fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) leis an scéal a scaipeadh faoin fhuinneamh slán, glan agus éifeachtúil. Ceaptar go ndéanfaidh suas le 500 ceann de láithreoireachtaí, de cheardlanna, de thaispeántais, de cheolchoirmeacha, de chluichí, de thráthanna na gceist agus de ghníomhaíochtaí eile na mílte cuairteoir a mhealladh ó gach cearn den Eoraip agus ón domhan ar fad. Reáchtálfar beagnach ceathrú de na himeachtaí sa Bhruiséil i dtrátha na Seachtaine AE um an Fuinneamh Inbhuanaithe (EUSEW): Comhdháil an Bheartais. Beidh na himeachtaí eile ar siúl i mí an Mheithimh in áiteanna ar fud na 28 mBallstát AE agus i dtíortha comhlachaithe, lena n-áirítear an Tuirc, an tSeirbia, an Mholdóiv, an tSeoirsia, an Úcráin, an Iorua agus an Íoslainn.

Cuideachtaí príobháideacha, údaráis phoiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comharchumainn, comhlachais tráchtála, comhlachais tionscail agus tomhaltóirí, na meáin, institiúidí oideachais agus lárionaid taighde agus teicneolaíochta, chláraigh siad go léir chun féilire imeachtaí iontacha na bliana seo a reáchtáil.

Faigh amach faoi na Laethanta Fuinnimh a bheidh ar siúl in aice leatsa – nó níos fearr fós, mol Lá Fuinnimh tú féin!

Cúlra: ní Lá amháin nó fiú Seachtain atá ann i ndáiríre

Mórghné den EUSEW is ea Laethanta Fuinnimh. Iarrann EUSEW dea-chleachtais a scaipeadh, smaointe nua a spreagadh agus comhaontais a chur ar bun chun cabhrú le hAontas Fuinnimh an AE a chur in oiriúint. Is é seo an deichiú EUSEW agus is príomhimeacht na hEorpa é do na páirtithe leasmhara atá ag déanamh scrúdú ar na bealaí is fearr inar féidir spriocanna fuinnimh agus aeráide an AE a chomhlíonadh. Eagraithe le tacaíocht na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME), i gcomhairle leis an Choimisiún Eorpach, pléitear le gníomhaíochtaí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le réitigh fuinnimh in-athnuaite ar fud na hEorpa.

I mbliana, díreofar mar chuid de Chomhdháil bhliantúil an Bheartais sa Bhruiséil, a bheidh ar siúl ón 16-18 Meitheamh, ar ról na dtomhaltóirí freagracha san Aontas nua Fuinnimh. Mar chuid den ghníomh seo, aithnítear i nDámhachtainí an Fhuinnimh Inbhuanaithe na tionscadail is fearr don bhliain sa réimse um éifeachtúlacht fuinnimh agus um réitigh fuinnimh in-athnuaite. Déanfaidh iar-Phríomh-Aire na Polainne, Jerzy Buzek, na buaiteoirí a fhógairt ag searmanas sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh. Tá seisean ina cheannaire anois ar an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Glacfaidh Miguel Arias Cañete, an Coimisinéir AE um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Fuinneamh, Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an Aontas Fuinnimh, agus daoine mór le rá eile, páirt ann freisin, chun cabhrú le comóradh 10 mbliana EUSEW a cheiliúradh go hardnósach.

 

Cláraigh le haghaidh Chomhdháil an Bheartais EUSEW roimh an 8 Meitheamh!

Féach ar chlár na comhdhála chun tuilleadh eolais a fháil!

Energy Days Ireland

DOCX - 113 Kb

Get updates in your mailbox

By clicking "Subscribe" I confirm I have read and agree to the Privacy Policy.

About The EU Sustainable Energy Week

The European Sustainable Energy Week is a month-long series of activities to build a secure energy future for Europe. It includes the EUSEW Policy Conference, Energy Days and Networking Village and the EU Sustainable Energy Awards. Launched in 2006, EUSEW is organised by the Executive Agency for Small and Medium-sized Enterprises (EASME) in close cooperation with Directorate-General for Energy. It brings together public authorities, private companies, NGOs and consumers to promote initiatives to save energy and move towards renewables for clean, secure and efficient power.